Professional Class/Workshop
Professional Class/Workshop

Cúinní an Ghiorria: Ceardlann Rince | Dance Workshop

23/04/2026 - 23/04/2026

4:00 pm

4pm - 5.30pm

Smurfit Studio

FREE, registration required

Photo credit: Matthew Thompson

Book Now
Firkin Crane Theatre, Cork: Cúinní an Ghiorria: Ceardlann Rince | Dance Workshop

Ceardlann rince a nascann an Ghaeilge, an éiceolaíocht agus an aiteacht

Beidh ceardlann rince á thairiscint ag Fearghus Ó Conchúir agus ag a fhoireann rince do dhaoine go bhfuil suim acu an Ghaeilge, an éiceolaíocht agus an aiteacht a bhraith agus a thuiscint trí ghluaisteacht agus trí chomhrá.

Cé dóibh? Beidh an rince lárnach sa cheardlann ach beidh failte roimh gach saghas taithí gluaiseachta agus deis ag daoine páirt a ghlacadh pé slí a chuireann ar a gcompord iad.

Beidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha na ceardlainne agus ateangaireacht mar is gá. Beidh fáilte roimh aon taithí atá ag daoine teangacha eile a úsáid chomh maith.

Cén fáth?: Tá acmhainn i dteangacha agus i dtaithí imeallacha gur fiú a fhorbairt is a roinnt ionas nach gcaillfimid a leas.

Caith pé rud gur mian leat le bheith socair agus tú ag gluaiseacht.

Má tá aon cheist agat, téir i dteangmhál le Andrea, andrea@firkincrane.ie

Á chur i láthair ag Fearghus Ó Conchúir, COBA agus Dance Cork Firkin Crane, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí.

.

.

Fearghus Ó Conchúir and his collaborators are hosting a workshop for people who are interested in experiencing and understanding through movement the connections between Irish language, ecology and queer experience.

Who is it for? You’re welcome to this dance workshop whatever your movement practice or experience. The workshop will be accessible to participation in whatever way feels comfortable.

Irish will be the main language of the workshop. There will be interpretation as needed. We also welcome experience of other minority languages to add to the richness.

Why? Because marginalised experiences and languages contain resources that are important to acknowledge and develop for future flourishing

Wear whatever makes you comfortable to move.

If you have any questions please contact andrea@firkincrane.ie

Skip to content